Ag tús an scéil seo bhí aoire a chónaigh ar shliabh le madra darbh ainm Póló. Bhí uan beag dubh aige ach níor mhaith le Poló é mar níor éist sé leis. Sa lár bhí stoirm mhór ann agus rith an tAoire agus Póló go dtí a dteach. Bhí na caoirigh i gcruachás, bhí siad ag crith le heagla sa bháisteach ach thóg an tuan beag dubh iad go dtí pluais sa sliabh, áit a raibh siad ceart go leor. Ar deireadh, chuaigh an tAoire agus Póló amach chun na caoirigh a fháiil ach ní raibh siad in ann iad a fheiceáil. Cad a rinne an tUan chun na caoirigh a thabhairt abhaile?

Le Hector

Ceapaim go raibh an leabhar an-mhaith. Bhí an scéal simplí, éasca le leanúint, éasca le léamh agus bhí na carachtair taitneamhach agus ceanúil.

Thaitin an deireadh go mór liom, nuair a fuair an t-aoire caoirigh le spotaí éagsúil. Níor thaitin sé liom nuair a dúirt Póló leis an aoire go raibh air na caoirigh a dhíol toisc go raibh siad éagsúil.

Le Cara

An rud a thaitin is mó liom faoin leabhar seo ná an deireadh. Tá ceacht mór le foghlaim ann, faoin slí atáimid go léir difriúil agus tá sé sin ceart go leor. Is é an éagsúlacht sin a dhéanann muid go léir speisialta.

Mholfainn an leabhar seo don aoisghrúpa 6-8 mar tá sé éasca le léamh agus beaganín dúshlánach ag an am céanna. Bheadh sé éasca do pháistí 8+.

Thabharfainn scór 7/10 don leabhar. Is leabhar maith, oiriúnach é. Bhí díomá orm nár luaigh an leabhar Conamara in aon áit. Cheap mé gur chuir an leabhar alán paipéir amú, ní raibh alán scríoftha ar ghach leathanach. Nil sé sin go maith don timpeallacht!

Le Amelia

Léirmheasanna le daltaí ó Gaelscoil na Fuinseoige, Baile an Teampaill, BAC 14.

An tUan Beag Dubh Ó Chonamara” by Elizabeth Shaw, published by O’Brien Press, is on sale now for €9.99 (P/B).

Disclaimer: This book was provided by the publisher, O’Brien Press, free of charge to Seomra Ranga for the purposes of this review