Tá sé ráite go minic gurb é an bealach is éasca teanga a fhoghlaim ná tríd amhráin. Ar an dóigh sin, tá aip úrnua cruthaithe ag Conradh na Gaeilge Charn Tóchair, le beochana de rainn agus amhráin do pháistí.

Tá dearadh simplí ar an aip agus tá 10 amhrán agus rann léirithe uirthi. Tá an aip fóirsteanach ní amháin do mhúintoirí agus ceannairí naíscoile, ach do theaghlaigh ag tógáil clainne le Gaeilge agus do thuismitheoirí agus cúramóirí ar bheagán nó gan Ghaeilge ar mian leo foghlaim lena bpáiste.

Seo dóigh iontach tuilleadh Gaeilge a thabhairt isteach ar do theach agus do thuismitheoirí agus do pháistí na rainn agus amhráin a fhoghlaim agus a cheol le chéile.

Bhí an tionscadal maoinithe ag Foras na Gaeilge agus Comhairle Lár Uladh.

Tá an aip saor in aisce ar fáil le híoslódáil ar Android agus Apple tríd Google Play agus an Apple iStore.

Is Múinteoir Tacaíochta Foghlama í Julie Ann de Brún, atá ag múineadh i Scoil Mhuire, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe.