Tá Seachtain na Gaeilge ar siúl i láthair na huaire agus tá imeachtaí éagsúla eagraithe i scoileanna agus ar fud na tíre. Anseo i HQ Seomra Ranga tá comórtas nua againn le haghaidh an seachtain speisialta seo. Is féidir leat leabhar as Gaeilge a bhuachan duit féin nó do do scoil/rang.

Tá ocht leabhar agam mar duaiseanna agus caithfidh mé buíochas a ghabháil d’fhoireann ó “An Gúm” a thug na duaiseanna dom don chomórtas seo. Leabhair atá agam ná: “Cinnín Óir agus na Trí Bhéar”; “Crogaillín”; “Morf”; “Anansi agus Scéalta an Domhain”; “Timpeall an Tí”; “Asal Uasal”; “Léann Bran an t-Am”; “Cluaisíní Cliste – an Chéad Uimhir”.

Chun ceann de na leabhair seo a bhuachan, líon isteach an fhoirm thíos le d’ainm, do chontae, do ríomhphost agus freagair an cheist éasca. Ní gá duit bheith mar bhall den suíomh chun páirt a ghlacadh sa chomórtas.

Dúnfar an comórtas ar an Déardaoin seo chugainn, 15ú Márta ag a cúig a chlog. Níl cead ach iontráil amháin ó gach múinteoir. Roghnófar na buaiteoirí ar Twitter (@seomraranga) tar éis a cúig ar an Déardaoin.

Arís, táim buíoch den Gúm as na duiaseanna don chomórtas seo. Go n-éirí an t-ádh libh!