Tá ceithre leabhar le Isabel Thomas sa tsraith seo, foilsithe ag “An Gúm” – “Gaiscí Snámha agus Tumadóireachta”, “Gaiscí Gleacaíochta”, “Gaiscí Nirt agus Troda” agus “Gaiscí Lúthchleasaíochta”. Is leabhair fhíricí iad seo atá leagtha amach i slí an-tharraingteach.

Tá siad ildaite, le pictiúir a chuireann go mór leis na haltanna eagsúla. Níl oiread is focal amháin Béarla iontu, ach tá gluais ar chúl gach leabhair chun na téarmaí eagsúla a mhíniú go soiléir trí Ghaeilge.

Tosaíonn gach leabhar le “comórtais” idir ainmhithe agus daoine – m.sh. sa leabhar gleacaíochta, bíonn gleacaí daonna ar an mbíoma curtha i gcomórtas leis an iora rua, an tarantúla agus an gabhar sléibhe! Sa leabhar lúthchleasaíochta, feicimid duine agus an francach cangarú, an damhán léime agus an frog crainn agus mar sin de.

Ag deireadh na leabhar ar fad, bíonn ” clár na mbonn” agus na “boinn” roinnt idir na fo-ghrúpaí i ríocht na n-ainmhithe, na mamaigh, na reiptílí agus amfaibiaigh, éin, éisc agus na h-inveirteabraigh. Foghlaimíonn an léitheóir óg fíricí fánacha ar nós go bhfuil an dreancaid in ann léim 200 uair níos faide ná fad a choirp féin!

Tá an teanga sna leabhair reasúnta dúshlánach, bheidís fóirsteanach do pháistí le Gaeilge mhaith ó na méan-ranganna ar aghaidh.

Bríd Uí Mhaoluala, Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc, Ceatharlach.

Séanadh: Fuair an suíomh na leabhair saor in aisce ó An Gúm le haghaidh an léirmheas seo