Is leabhar aoibhinn é an leabhar ‘Finscéalta na hÉireann” ó Eithne Massey. Tá na finscéalta deasa ar fad ann a léamar ar fad agus sin ag fás aníos agus tá an Ghaeilge ana dheas ann chomh maith. Na scéalta atá sa leabhar ná ‘An Bradán Feasa’, ‘Conas mar a fuair Cú Chulainn a ainm’, ‘Clann Lir’, ‘Labhraí Loingseach’, ‘Fionn agus an Fathach’,’An Cú Faoil Bán’ agus ‘Oisín’.
Tá an leabhar ana tharraingteach mar leis an leagan amach agus an slí atá sé maisithe, teastaíonn uait é a phiocadh suas agus é a léamh. Tá na híomhanna agus na pictiúirí ana daite agus cabhraíonn siad go mór leis an scéal agus tú ag léamh nó ag éisteacht leis an scéal.
Bheadh an leabhar seo go hiontach sa seomra ranga leis an múinteoir ag léamh amach ós ard agus thaitneodh sé go mór leis na bunranganna agus na meán ranganna. Bhéinn ag moladh an leabhar seo go mór agus ba cheart cóip dó a bheith i ngach scoil sa tír!
“Finscéalta na hÉireann” by Eithne Massey, published by O’ Brien Press, is on sale now for €12.99 (H/B).
Disclaimer: This book was provided by the publisher, O’ Brien Press, free of charge to Seomra Ranga for the purposes of this review.




