Rannta agus Amhráin – Sa Bhaile

by admin on 01/08/2012

Dánta / Amhráin

Táim ag iarraidh rannta, dánta agus amhráin as Gaeilge a chur le chéile chun tacaíocht a thabhairt do na téamaí éagsúla i gCuraclam na Gaeilge. Má tá dánta/amhráin/rannta agat ag baint le “Sa Bhaile” a bhí úsáideach agat don téama, fág an dán/rann/amhrán mar nóta ag bun an blagphost thíos.

{ 11 comments… read them below or add one }

admin September 6, 2012 at 10:41 pm

Damhán Alla

Damhán Alla, Damhán Alla,
Ar an mballa, ar an mballa.
Tháinig éan, tháinig éan,
Ó mo léan, ó mo léan

admin September 6, 2012 at 10:52 pm

Mo mhadra
Sin é mo mhadra ina shuí ar an stól
Bíonn sé ag ithe
Bíonn sé ag ól,
Ólann sé bainne, itheann sé aran
Deireann sé bhuf, bhuf,
Nuair a bhíonn sé lán.

admin September 6, 2012 at 10:54 pm

Peataí
(Fonn: Teidil-eidil éró)

Tá madra dubh ag Áine
Reics is ainm dó.
Tá piscín óg ag Pádraig
Dubh is ainm dó.
Tá coileán deas ag Orla
Tá coinín bán ag Brónagh
Tá iasc beag órga ag Éanna
Is toirtís mall i gcás.

admin September 6, 2012 at 10:55 pm

Mo chaitín

Tá caitín agamsa atá bán agus buí,
In aice na tine a bhíonn sé ina luí,
Ní féidir leis léamh, ní féidir leis scríobh,
Ní labhrann sé focal le muintir an tí.
Bímse ar scoil ag obair go dian,
Is mo chaitín sa bhaile ina chodladh faoin ngrian.

admin September 6, 2012 at 10:56 pm

Fear an phoist
(Fonn “the keel row)

Tá fear an phoist ag teacht anois,
Ag teacht anois, ag teacht anois,
Tá fear an phoist ag teacht anois,
`Bhuil litir aige domsa?

admin September 8, 2012 at 11:24 am

Tá fear an phoist ag teacht anois
(fonn The Mulberry Bush)

Tá fear an phoist ag teacht anois,
Ag teacht anois, ag teacht anois,
Tá fear an phoist ag teacht anois,
Tá litir aige domsa.

admin September 8, 2012 at 11:27 am

Seáinín Leisciúil
(fonn Frére Jacques)

Seáinín leisciúil, Seáinín leisciúil,
Ina luí, ina luí
Tá sé in am bricfeasta
Tá sé in am bricfeasta
Bí i do shuí, bí i do shuí

admin September 8, 2012 at 2:24 pm

Breithlá mo Dhaidí

Breithlá mo Dhaidí
A bhí ann inné,
Is rinne mo Mhamaí
Císte don tae.
Tháinig an tíogar
Is tháinig an béar.
D’ith siad an císte
Is na coinnle go léir

Ríona Uí Cheallaigh September 10, 2012 at 10:17 am

Siar a Raghadsa
Le Máirtín Ó Direáin

Siar a raghadsa féin
Go hoileán mara i gcéin
Le theacht an fhómhar bhuí
Le háthas is aiteas croí

San oileán mara thiar
Beidh fáilte romham is céad
Fáilte fhairsing, fáilte fhial
Sa oileán mara thiar

Ríona Uí Cheallaigh September 10, 2012 at 10:18 am

Ag Ní

An rud is measa
Tar éis éirí
Ná go gcaitheann tú
Tú féin a ní.

An t-uisce fuar
Sa bháisín bán
Cuireann sé crith ort
Cos is lámh.

Téann an sobal gránna
Isteach faoi do shúil
Is ligeann tú scréach
Mar a dhéanfadh miúil.

Ach cloistear tú
Ar fud an tí
Is bíonn fios acu
Go mbíonn tú i do shuí.

Ríona Uí Cheallaigh September 10, 2012 at 10:19 am

Am Codlata

Tá an oíche ag titim
Tá an ghrian ag dul faoi
Tá deireadh go maidin
Le solas an lae
Tá crónán bog bídeach
Ag imeacht le gaoth
Is is mithid do pháistí
Bheith sa leaba ina luí.

Tá na blátha ag dúnadh
Tá smúid ins an spéir
Tá na héin ina gcodladh
Go seascair dóibh féin.
Níl aon rud le cloisint
Ach ceol aoibhinn sí
Is is mithid do pháistí
Bheith sa leaba ina luí.

Leave a Comment

Previous post:

Next post: