Rannta agus Amhráin – An Teilifís

by admin on 01/08/2012

Dánta / Amhráin

Táim ag iarraidh rannta, dánta agus amhráin as Gaeilge a chur le chéile chun tacaíocht a thabhairt do na téamaí éagsúla i gCuraclam na Gaeilge. Má tá dánta/amhráin/rannta agat ag baint le “An Teilifís” a bhí úsáideach agat don téama, fág an dán/rann/amhrán mar nóta ag bun an blagphost thíos.

{ 4 comments… read them below or add one }

admin September 8, 2012 at 2:50 pm

An Teilifís

Tá Liam sa bhaile,
Tá sé ar bís!
Níl sé ar scoil,
Tá sé ag féachaint ar an teilifís.

Faigheann sé an cianrialtán,
Suíonn sé síos,
Tá áthas ar Liam,
Ag féachaint ar an teilifís.

Ríona Uí Cheallaigh September 10, 2012 at 10:16 am

An Teilifís
Le Gabriel Rosenstock
(faoi m’iníon Saffron)

Ar a cúig a chlog ar maidin

Theastaigh an teilifís uaithi.

An féidir argóint le beainín

Dhá bhliain go leith?

Síos linn le chéile

Níor bhacas fiú le gléasadh

Is bhí an seomra préachta.

Gan solas fós sa spéir

Stánamar le hiontas ar scáileán bán.

Anois! Sásta?

Ach chonaic sise sneachta

Is sioraf tríd an sneachta
Is ulchabhán artach

Ar faoileáil

Os a chionn.

Debbie Trundle April 27, 2013 at 2:53 pm

Go raibh maith agat don amhrain ‘An teilifis’ ach an bhfuil me in ann e a chloisint in aon ait?

admin April 30, 2013 at 4:46 pm

Hi Debbie, níl a fhios agam faoi sin.

Leave a Comment

Previous post:

Next post: