cula4Tá Aip nua spleodrach thaitneamhach ar fáil anois ar Sheinnteoir Cúla4.  Cruthaíodh agus leagadh amach go speisialta í chun ábhar mealltach, spraíúil Gaeilge a chur ar fáil do dhaoine óga.  Tá ábhar Cúla4 le fáil uirthi agus déantar an t-ábhar a nuashonrú gach lá.

Tá dhá zón ar an Aip  – ceann do lucht réamhscoile agus an ceann eile don aoisghrúpa  6+. Treoraítear an lucht úsáide chuig an zón is oiriúnaí dá n-aois. Tá sé ar fáil anois, saor in aisce ó iTunes.

Seinnteoir don iPad

Seinnteoir don iPhone