Seachtain na GaeilgeTá aip ar fáil i Siopa iTunes agus d’Android ar Google Play do Sheachtain na Gaeilge 2013. Leis an aip seo, is féidir leat cuarach a dhéanamh ar imeachtaí atá ar siúl i do cheantar féin agus páirt a ghlacadh i gceiliúradh Seachtain na Gaeilge. Is féidir leat frásaí úsáideacha Gaeilge a fhoghlaim agus féachaint ar na físeáin is déanaí ón bhféile. Tá an aip roinnte i gceithre pháirt:

* Imeachtaí: is féidir tuile eolas le fáil anseo faoi imeachtaí atá eagraithe le haghaidh Seachtain na Gaeilge – imeachtaí i ngar leat, imeachtaí i do chontae, imeachtaí idirnáisiúnta agus imeachtaí atá le teacht.

* Ambasadóirí: eolas faoi ambasadóirí na bliana seo

* Frása an Lae: tá frása nó seanfhocal do gach lá anseo. Tá sé as Gaeilge, leis an míniú i mBéarla chomh maith le treoir chun a frása a fhuaimniú.

* Maidir Le: eolas faoi Seachtain na Gaeilge

Tá leagan Béarla agus Gaeilge taobh istigh den aip seo, so is féidir leat dul ó cheann go ceann más mian leat. Tá an aip seo saor in aisce.