Seomra Ranga



« | »

Vaimpír san Áiléar – Léirmheas

Vaimpír San ÁiléarIs leabhar maith é seo. Tá sé bunaithe ar vaimpír darbh ainm Marius. Tá cónaí ar Marius in áiléar Ailfí. Téann sé timpeall an tí ag fáil bia ó na cófraí agus ón gcuisneoir. Lá amháin téann Ailfí, a tirpíní agus Marius go dtí stúideo teilifíse chun físeán a dhéanamh. Tá an foireann ag an stúideo ag iarraidh físéan de Marius a thógáil ach ní thagann Marius amach ar an scáileán. Tar éis an físeán a thógáil éitlíonn Marius go dtí stúidio 9, áit a bhíonn Plobarama ar siúl.

Athríonn Marius isteach i mbuachaill agus téann sé ar an seó. Bíonn Margó Milanova i gceannais ar Plobarama. Ag an am seo bíonn Ailfí ag rith ar fud na háite ag lorg Marius ach níl sé in áit ar bith. Tar éis an seó buaileann Ailfí le Marius. Bíonn Ailfí ar buile agus téann siad abhaile le daid Ailfí. Ag an deireadh athraíonn Marius ar ais go dtí Vaimpír arís agus téann sé ar ais san áiléar.

An Scíobhnóir: Orna Ní Choileáin

Is scríobhneoir íontach í. Tá stíl an-mhaith aici. Bhain mé an-sult as an leabhar seo a léamh!! Scríobhann sí ar bhealach atá soiléir do pháistí a thuiscint. Tá an scéal é féin leagtha amach go maith agus éasca a leanúint.

Is féidir an leabhar a cheannach ANSEO

Le Mícheál Ó M., Rang 6, Gaelscoil Chnoc na Ré, Sligeach.

Posted by on 25/01/2014.

Tags: , , , ,

Categories: Úrscéal Ranga

0 Responses

Leave a Reply

« | »




Recent Posts


Pages