Léirmheas: Ailfí agus an Vaimpír

by admin on 30/04/2013

Ailfí agus an VaimpírIs buachaill óg é Ailfí. Oibríonn a athair sa phictiúrlann agus tá a mháthair i dteach altranais , an-thinn. Is í Lindsí feiglhí an tí agus tugann sí aire do Ailfí. Tagann Ailfí ar Mharius sa scioból don chéad uair agus faigheann sé amach gur vaimpír é. Tá Ailfí chun cabhair a thabhairt do Mharius cónra a fháil agus a mhuintir a aimsiú mar tá siad áit éigin i dTrasalváin. Deireann Ailfí le Lindsí go bhfuil Marius chun fanacht leis agus cuireann siad bréagriocht air.

Téann na buachaillí isteach chuig an múseam le athair Ailfí agus tá Ailfí ag súil go mbeidh taispeántais faoi bhás ann agus go mbeidh siad in ann cónra a fháil ach ní fhaigheann siad ceann. Tar éis cúpla lá ceapann Ailfí go bhfuil rud mícheart lena mhamaí agus mar sin téann sé ar chuairt chuici. Faigheann sé amach go bhfuil feabhas tar éis teacht uirthi agus go bhfuil cead aici teacht abhaile. I ndeireadh na dála tagann siad ar chónra do Mharius ach an bhfanann sé le Ailfí nó an dtéann sé ar ais chuig an dTrasalváin?

Is leabhar iontach é “Ailfí agus an Vaimpír” agus molaimid é.

Le: Áine & Jill, Rang 6, Scoil na nÓg, Gleann Maghair, Co.Chorcaí.

Is féidir an leabhar a cheannach ANSEO

Leave a Comment

Previous post:

Next post: