Seachtain na Gaeilge 2013Seachtain na Gaeilge 2013 beagnach linn agus tá súil agam go bhfuil múinteoirí bunscoile ag déanamh pleanáil chun imeachtaí Ghaeilge a eagrú sa seomra ranga i rith na seachtaine. (b’fhéidir go mbeadh sé níos fearr “Coicís na Gaeilge” a chur air mar tá sé ar siúl ar feadh an coicís Márta 4 – 17.) Má tá leideanna ag taisteáil uait chun an Ghaeilge a spreagadh sa seomra ranga,  tá neart acmhainní ar an suíomh do Sheachtain na Gaeilge:

* Smaointe do scoileanna

 

* Póstaeir / Cluichí / Tráth na gCeist / Frásaí Úsáideacha

* Lámhleabhar na Scoileanna

* Bileoga Acmhainní do Mhúinteoirí

Sa lámhleabhar gheobhaidh tú moltaí le haghaidh cluichí, eolas faoi chomórtaisí, tráth na gceisteanna, moltaí d’imeachtaí a eagrú i rith na seachtaine agus bileoga oibre. Tá neart acmhainní ar an suíomh seo freisin mar thacaíocht don mhúinteoir i rith na seachtaine: póstaeir, luaschártaí, bileoga oibre, fís-scannáin, rannta, dánta srl.

Má tá imeachtaí eile á eagrú i do scoil fhéin, déan trácht thíos agus inis dúinn go léir cad atá i ndán do na páistí i do scoil le haghaidh Seachtain na Gaeilge.