Rannta agus Amhráin – Spórt

by admin on 01/08/2012

Dánta / Amhráin

Táim ag iarraidh rannta, dánta agus amhráin as Gaeilge a chur le chéile chun tacaíocht a thabhairt do na téamaí éagsúla i gCuraclam na Gaeilge. Má tá dánta/amhráin/rannta agat ag baint le “Spórt” a bhí úsáideach agat don téama, fág an dán/rann/amhrán mar nóta ag bun an blagphost thíos.

{ 3 comments… read them below or add one }

admin September 6, 2012 at 10:51 pm

Haka Gaelach

Uilinn dheas, uilinn chlé.
Bualadh Bos, bualadh bos.

Gualainn dheas, gualainn chlé.
Bualadh bos, bualadh bos.

Lámha ar na glúine,
Cromaigí, cromaigí.
Lámha in airde,
Éirigí, Éirigí.

Síos ar na glúine,
Lámha sna cluasa.
Bualadh bos, bualadh bos.
Léimigí suas… Sea!

admin September 6, 2012 at 11:00 pm

Liathróid i bPáirc an Chrócaigh
le Éamonn Ó Ríordáin
Preabann sí, casann sí,
Léimeann sí timpeall.
Cictear í, buailtear í
Ard agus íseal.
Amanna tapa,
Uaireanta mall,
Suas agus síos,
Sall is anall.
Istigh sa chúl
Thar an trasnán,
Croitear na bratacha
Glas agus bán.
Ag luí ar an talamh
Nó ag eitilt san aer,
Screadadh is béiceadh
Ón slua go léir.

admin September 8, 2012 at 10:19 pm

An Iomáint

Ar dhroim an domhain níl radharc níos áille —–
Ná tríocha fear ag bualadh báire
Ar pháirc mhór ghlas faoi thaitneamh gréine
Is na gártha molta ag dul chun spéire

Dhá fhoireann ghroí in aghaidh a cheile
Gach fear i mbarr a nirt is a réime
Camán á luascadh ar fud na páirce
Is an sliotar ag imeacht ar luas in airde

An tríocha fear ag rith is ag léimneach
Buillí a mbualadh le neart is le héifeacht
Tapúlacht coise is oilteacht láimhe
Ar dhroim an domhain níl radharc níos áille

(cutha iseach ó Neasa)

Leave a Comment

Previous post:

Next post: