Rannta agus Amhráin – Mé Féin

by admin on 01/08/2012

Dánta / Amhráin

Táim ag iarraidh rannta, dánta agus amhráin as Gaeilge a chur le chéile chun tacaíocht a thabhairt do na téamaí éagsúla i gCuraclam na Gaeilge. Má tá dánta/amhráin/rannta agat ag baint le “Mé Féin” a bhí úsáideach agat don téama, fág an dán/rann/amhrán mar nóta ag bun an blagphost thíos.

{ 8 comments… read them below or add one }

admin September 8, 2012 at 11:12 am

Mo mhadra
Sin é mo mhadra ina shuí ar an stól
Bíonn sé ag ithe
Bíonn sé ag ól,
Ólann sé bainne, itheann sé aran
Deireann sé bhuf, bhuf,
Nuair a bhíonn sé lán.

admin September 8, 2012 at 11:21 am

Tá Teidí bocht tinn

Tá Teidí bocht tinn,
Tá Teidí bocht tinn,
Hé hó, mo Dhaidí ó,
Tá Teidí bocht tinn.

admin September 8, 2012 at 11:22 am

Is maith liom é
(Fonn: Mulberry Bush)

Ag siúl, ag siúl, is maith liom é,
Is maith liom é,
Is maith liom é,
Ag siúl, ag siúl, is maith liom é,
O, bí ag siúl liomsa.

Ag rith, ag rith…….
Ag léim, ag léim………

admin September 8, 2012 at 11:26 am

Is taephota mise

Is taephota mise, ramhar is beag,
Seo mo chluas is seo mo ghob,
Éist le mo ghlór is na cupáin ag teacht,
Ardaigh mé is doirt mé amach!

Craggagh NS September 8, 2012 at 12:01 pm

Is Mise Raifteirí an file,
Lán dúchais is grádh,
Le súile gan solas,
Le ciúnas gan crá.

Ag dul síar ar m’aistear
Le solas mo chroí
Fann agus tuirseach
Go deireadh mo shlí

Féach anois mé
Is mo chúl le bhfalla
Ag seinm ceoil
Do phócaí folamh

C.Lynn September 10, 2012 at 8:06 pm

Is Paiste beag mise
ag bualadh bos.
Is maith liom sugradh;
is maith liom sos.
Ta me i mo sheasamh
Ta me i mo shui
Ta me i mo chodladh
Ta me i mo lui.

orla September 18, 2012 at 9:54 pm

Head shoulders knees and toes (As Gaeilge)
ceann, guailann, gluin is cos,
gluin is cos
ceann, guailann, gluin is cos,
gluin is cos
Agus suíl, agus cluais, agus srón agus béil
ceann, guailann, gluin is cos,
gluin is cos

Máire Ni Dhonnabhán July 7, 2013 at 5:26 pm

Mo Chorp

Seo iad mo lámha
Seo mo cheann
Seo iad mo chluasa
Tá siad glan.

Seo iad mo shúile
Seo mo shrón
Seo mo dhroim
Os cionn mo thóin.

Seo mo chos
Seo mo bholg
Suífidh mé sios
Ar an dtolg.

Tá tuirse orm
Am le sos
Scuab mo fhiacla
Gan aon strus.

Oíche mhaith
Oíche ciúin
Ó! Rinne mé dearmad
Ar mo ghlúin.

Leave a Comment

Previous post:

Next post: