Rannta agus Amhráin – Lá Fhéile Pádraig/Seachtain na Gaeilge

by admin on 01/08/2012

Dánta / Amhráin

Táim ag iarraidh rannta, dánta agus amhráin as Gaeilge a chur le chéile chun tacaíocht a thabhairt do na téamaí éagsúla i gCuraclam na Gaeilge. Má tá dánta/amhráin/rannta agat ag baint le “Lá Fhéile Pádraig / Seachtain na Gaeilge” a bhí úsáideach agat don téama, fág an dán/rann/amhrán mar nóta ag bun an blagphost thíos.

{ 3 comments… read them below or add one }

admin September 8, 2012 at 2:36 pm

Lá Fhéile Pádraig (A)
(fonn: Clementine)

Lá ‘le Pádraig, Lá ‘le Pádraig
Hip, huré, hip, hip, huré,
Bí ag seinm, bí ag máirseáil,
Lá ‘le Pádraig hip huré.

admin September 8, 2012 at 2:48 pm

Lá Le Pádraig

Beidh seamróg ar mo chóta agam,
Is cláirseach deas ón siopa agam,
Is rachaidh mé ar Aifreann le mo Mham,
Ar maidin Lá le Pádraig.
Féach na daoine ag mairseáil,
Éist le ceol na mbannaí,
Rince is spórt ag na daoine go léir,
Is saoirse ón scoil ag na leanaí.

admin September 8, 2012 at 2:49 pm

Liúireach Phádraig

Críost liom, Críost romham, Críost i mo dhiaidh.
Críost ionam, Críost fúm, Críost os mo chionn,
Críost ar mo láimh dheis, Críost ar mo láimh chlé,
Críost ar mo shuí, Críost ar mo luí, Críost ar m’éirí,
Críost i gcroí gach duine a smaoiníonn orm,
Críost i mbéal gach duine a labhrann liom,
Críost i ngach súil a dhearcann / a fhéachann orm,
Críost i ngach cluas a éisteann liom.

Leave a Comment

Previous post:

Next post: