Rannta agus Amhráin – Caitheamh Aimsire

by admin on 01/08/2012

Dánta / Amhráin

Táim ag iarraidh rannta, dánta agus amhráin as Gaeilge a chur le chéile chun tacaíocht a thabhairt do na téamaí éagsúla i gCuraclam na Gaeilge. Má tá dánta/amhráin/rannta agat ag baint le “Caitheamh Aimsire” a bhí úsáideach agat don téama, fág an dán/rann/amhrán mar nóta ag bun an blagphost thíos.

{ 5 comments… read them below or add one }

admin September 8, 2012 at 11:21 am

Istigh sa Sú

Istigh sa Sú tá Babaí Cangarú,
Léim anois,
Léim anois,
Léim anois go luath.

Istigh sa Sú tá Mamaí Changarú………

Istigh sa Sú tá Daidí Cangarú…

admin September 8, 2012 at 2:25 pm

Na bréagáin

Tá carr (bán) ag Teidí, ag Teidí, ag Teidí.
Tá carr bán ag Teidí, bíp, bíp, bíp.

Tá teidí donn ag Úna, ag Úna, ag Úna.
Tá teidí donn ag Úna, hó, hó, hó.

Tá rothar buí ag Áine, ag Áine, ag Áine.
Tá rothar buí ag Áine, drinn, drinn, drinn.

admin September 8, 2012 at 2:32 pm

Teidí Beag Álainn

Teidí beag álainn, teidí beag buí,
Thit sé sa pháirc agus tá sé an-tinn.
Tá sé ina leaba bheag, tá sé ina luí,
Teidí beag álainn, teidí beag buí.

Ghortaigh sé a cheann agus ghortaigh sé a shúil,
Ghortaigh sé a lámh agus ghortaigh sé a ghlúin.
Tá sé ina leaba bheag, tá sé ina luí,
Teidí beag álainn, teidí beag buí.

Tháinig an dochtúir i gcarr chun an tí.
“Cá bhfuil teidí beag, teidí beag buí?”
Tá sé ina leaba bheag, tá sé ina luí,
Teidí beag álainn, teidí beag buí.

D’fhéach sé ar a cheann agus d’fhéach sé ar a shúil,
D’fhéach sé ar a lámh agus d’fhéach sé ar a ghlúin,
Tá sé ina leaba bheag, tá sé ina luí,
Teidí beag álainn, teidí beag buí.

Neasa September 8, 2012 at 9:14 pm

Amárach an lá! Gaillimh – an Iarthar abú!

An Iomáint

Ar dhroim an domhain níl radharc níos áille —–
Ná tríocha fear ag bualadh báire
Ar pháirc mhór ghlas faoi thaitneamh gréine
Is na gártha molta ag dul chun spéire

Dhá fhoireann ghroí in aghaidh a cheile
Gach fear i mbarr a nirt is a réime
Camán á luascadh ar fud na páirce
Is an sliotar ag imeacht ar luas in airde

An tríocha fear ag rith is ag léimneach
Buillí a mbualadh le neart is le héifeacht
Tapúlacht coise is oilteacht láimhe
Ar dhroim an domhain níl radharc níos áille

T-Rex Ó Saurus September 9, 2012 at 2:10 pm

Hi,
Seo amhrán a chum mé faoi mé féin agus mo chailín T-Ríona. Chuamar suas sna sléibhte i Mo Ford Cortina agus tharla eachtra nuair a bhíomar amuigh ag siúl.. Ta súil agm go mbainfidh tú taitneamh as.

https://www.youtube.com/watch?v=OdJcmioB6v4
Slán go fóill,
T-Rex

Mo Ford Cortina

Is cuimhin liom go maith é
Caithfidh mé a rá
Sna sléibhte thiar
N’fheadar cén fáth?

Ag siúl amach
Le mo chailín T-Ríona
Thiomáin mé suas
I mo Ford Cortina

Gaoth bhog ag séideadh
Áthas mór orainn
An ghrian ag spalpadh anuas
‘s an spéir gorm

Thosaigh mé ag siúl
Le mo chailín T-Ríona
Ní chuir mé faoi ghlas é
Mo Ford Cortina

Radharc tíre álainn
Go tobann thit an ceo
Scáth na hoíche orainn
Dearmad ní dhéanfaidh mé go deo

Chaill mé T-Ríona
‘S thosaigh mé ag siúl
Bhí mé tuirseach traochta
Ní raibh sé cool
*
Tásc ná tuairisc
Ní raibh ar T-Ríona
Ansin chuala mé scread
Ó mo Ford Cortina

Scabhaitéir a bhí ann
A gabh T-Ríona
An boc ag iarraidh éalú
I mo Ford Cortina

Rith mé go tapaidh
Ar nós na gaoithe
Le luas lasrach
Ní fheicfeá choíche

In ard mo chinn
Bhéic mé amach
I bhfad ó bhaile
Imithe ó smacht

Rug mé air
Cosúil le mo lóin
Agus thug mé cic dó
Suas a thóin

Ag crith le heagla
Ag gol a bhí sí
T-Ríona bocht
Ag screadaíl mar Bhean Sí
*
Chuir mé fios
Ar na Gardaí
Tar éis tamaill beag
Tháinig siad

Mhínigh mé an scéal
Nuair a labhair siad liom
Thug siad
Árdú meanam dom

Tógadh T-Ríona
Chuig an ospidéal
Bhí an banaltra go deas
Nuair a d’inis mé an scéal

Tháinig mo thuismitheoirí
Isteach go luath
Íde béil a fuair mé
Is mór an trua

Dúirt siad liom
‘Ná bac le T-Ríona’
Agus ‘ná tóg arís é’
Cad é? An Ford Cortina

Chuamar abhaile
In san Ford Cortina
Chuile duine ina dtost
Mise ag smaoineamh

*

Níor ligeadh amach mé
Ar feadh míosa
Mo chroí briste
Sna mílte píosaí

Ní fhaca mé T-Ríona
Le fada an lá
Níl sé féaráilte
Bheith gan mo ghrá

Bhí an t-ádh dearg orainn
An t-ádh linn
Nár tharla drochrud
Go sábhala Dia sinn

D’fhoghlaimíomar ceacht
Mise ‘s T-Ríona
Ná fág ar oscailt é
An Ford Cortina
**
Sin é mo scéal
Agus tá sé fíor
So bígí cúramach
Sna sléibhte thiar.

Leave a Comment

Previous post:

Next post: