Rannta agus Amhráin – Bia

by admin on 01/08/2012

Dánta / Amhráin

Táim ag iarraidh rannta, dánta agus amhráin as Gaeilge a chur le chéile chun tacaíocht a thabhairt do na téamaí éagsúla i gCuraclam na Gaeilge. Má tá dánta/amhráin/rannta agat ag baint le “Bia” a bhí úsáideach agat don téama, fág an dán/rann/amhrán mar nóta ag bun an blagphost thíos.

{ 6 comments… read them below or add one }

admin September 8, 2012 at 11:30 am

Is maith liom

Is maith liom bainne,
Is maith liom subh,
Is maith liom milseáin,
Is maith liom ubh.

Is maith liom cáis,
Is maith liom práta,
Is maith liom arán,
Agus is maith liom cáca.

admin September 8, 2012 at 11:30 am

Mo lón
(Tar éis lóin gach lá)

D’ith mé mo lón X 3
Hé hó mo Dhaidí ó
D’ith mé mo lón.

Bhí bainne agam.

Bhí ceapaire agam.

Bhí úll glas agam.

Bhí íogart agam.

Bhí lón deas agam.

admin September 8, 2012 at 11:31 am

In am don lón
(Fonn: The Mulberry Bush)

Tá sé in am don lón anois,
Tá sé in am don lón anois,
Tá sé in am don lón anois,
Cad atá agatsa?

Ceapairí is piorra buí,
Ceapairí is piorra buí,
Ceapairí is piorra buí,
Sin atá agamsa.

C.Lynn September 10, 2012 at 8:11 pm

Aon, do, tri is ceathair ,cuig ,se
Ciste deas i gcomhair an tae
Ulla deas’ is banana bui
Lollipop is oraisti.
Ciste milis, hee haw hum
Uachtair reoite, yum yum yum
Ulla gleoite, flip flip flop
Ach b’fhearr liom fein mo lollipop.

Sarah Ni Mhuirí August 9, 2014 at 4:20 pm

Tabhair dom
Ba mhaith liom
Teastaíinn uaim
Beidh agam
Tabhair dom
Sín chugam
An _______ (bainne, subh srl)

Carmel September 15, 2014 at 11:26 pm

Yum, yum
Is maith liom
Brioscaí agus scón
Agus bainne do mo lón.

Yum, yum,
Is maith liom
Im agus ubh
Agus arán le subh.

Leave a Comment

Previous post:

Next post: