
Táim ag iarraidh rannta, dánta agus amhráin as Gaeilge a chur le chéile chun tacaíocht a thabhairt do na téamaí éagsúla i gCuraclam na Gaeilge. Má tá dánta/amhráin/rannta agat ag baint leis “An Nollaig” a bhí úsáideach agat don téama, fág an dán/rann/amhrán mar nóta ag bun an bhlagphost thíos.























{ 19 comments… read them below or add one }
San Nioclás
Tá San Nioclás ag teacht anois,
Ag teacht anois, ag teacht anois,
Tá San Nioclás ag teacht anois,
Agus breagáin aige domsa.
Daidí na Nollag
Tháinig Daidí na Nollag,
Ní fhaca mé é.
Fuair mé a lán breagáin,
Hip, hip, huré.
An Nollaig
Tá an Nollaig buailte linn.
Tá áthas ins an aer.
Tá sneachta ar an talamh.
Tá réalta ins an spéir.
Táimid ag dul a chodladh.
Is tá ár stocaí réidh.
Beidh Daidí na Nollag ag teacht anocht
Anuas an simléar.
Bualadh Bos
Ó, bualadh bos, bualadh bos,
Bualadh bos go léir.
Beidh San Nioclás ag teacht anocht
Anuas an simléar.
Ó, bualadh bos, bualadh bos,
Bualadh bos go léir.
Beidh San Nioclás ag teacht anocht
Anuas an simléar.
Ó, féach an leanbh Íosa
Ó, féach an leanbh Íosa sa mháinséar ina luí.
Tá Muire agus Iosaf is na leanaí ag guí.
Tá an ghealach is na réalta ag féachaint
ar an leanbh álainn Íosa
ina luí ar an tuí.
Bí linne, a Íosa, bí linne go deo.
Bí linne san oíche, bí linne sa ló.
Tabhair grá do na páistí, tabhair grá dóibh go léir,
Tabhair aire do na páistí, tabhair aire dóibh go léir.
Stocaí Nollag
Stoca mór dearg,
Stoca mór buí,
Stoca ar gach leaba,
Is na leanaí ina luí.
Breithlá Mhic Dé
(Fonn – Away in a Manger)
I máinséar sa stábla,
Bhí Iosa, Mac Dé,
Bhí Muire is Iosaf
Agus aingil sa spéir.
Bhí aoirí agus uain ann,
Asal óg agus bó.
Tháinig ríthe le beart
Mar bhí breithlá Mhic Dé
An Nollaig
Seo chugainn an Nollaig,
Is maith liom é.
Breithlá Íosa,
Breithlá Mhic Dé.
San Nioclás
Tháinig San Nioclás,
Ní fhaca mé é.
Fuair mé a lán bréagáin
Hip, hip, huré.
San Nioclás
Fear beag ramhar,
Féasóg bhán,
Cóta dearg,
Mála bréagán.
Fia mór donn,
Ag eitilt agus ag rás,
Cé hé féin?
San Nioclás.
Oíche Nollag
le Máire Mhac an tSaoi
Le coinnle na n-aingeal tá an spéir amuigh breactha,
Tá fiacail an tseaca sa ghaoith ón gcnoc,
Adaigh an tine is téir chun na leapan,
Luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht.
Fágaidh an doras ar leathadh ina coinne,
An mhaighdean a thiocfaidh is a naí ar a hucht,
Deonaigh do shuaimhneas a ligint, a Mhuire,
Luíodh Mac Dé ins an tigh seo anocht.
Bhí soilse ar lasadh i dtigh sin na haíochta,
Cóiriú gan caoile, bia agus deoch,
Do cheannaithe olla, do cheannaithe síoda,
Ach luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht.
Scéal na Nollag
Le Seán S Ó Donnchadha
An oíche úd i mBeithil
Is stair anois an scéal,
I stable bocht i mainséar
Chonaic Rí an Domhain an saol.
Lasmuigh de bhaile Bheithil
Bhí aoirí ar an sliabh
A chuala ó n ahaingil
“Seo scéala áthais daoibh!”
‘Nois brostaigí don stable
Is féach an t-iontas ann:
Ina luí ansin sa mhainséar
Tá Íosa, Rí an Domhain.
Ón Oirthear tháinig ríthe
A lean an réalt’ sa spéir
Is thug siad leo féiríní
Don rí beag sa mhainséar.
Céad moladh duit, a Thiarna,
Mar fós is iontas é
An oíche úd i mBeithil
Nuair a saolaíodh Mac Dé.
An Oíche i mBeithil
Maidin is trathnóna
Bhí Muire is Iósaef
Ag siúl na bóithre
Go Beithil.
Bhí sioc san aer,
Bhí sneachta ar an bhféar;
Ba dhorcha an spéir
Gan ghealach.
I mBeithil ar ball,
Bhí gach ósta lán,
Gan leaba le fail
Ná bia.
Tháinig siad go luath
Ar stábbla faoin tuath –
Seanchró fliuch fuar
Gan doras.
I mainséar lán tuí ann
Is ea tháinig Íosa
Anuas ar an saol seo
I mBeithil.
Cuireadh do Mhuire
Le Máirtín Ó Direáin
An eol duit, a Mhuire,
Cá rachair i mbliana
Ag iarraidh foscaidh
Do do Leanbh Naofa,
Tráth a bhfuil gach doras
Dúnta ina éadan
Ag fuath is uabhar
An chine dhaonna?
Deonaigh glacadh
Le cuireadh uaimse
Go hoileán mara
San Iarthar cianda:
Beidh coinnle geala
I ngach fuinneog lasta
Is tine mhóna
Ar theallach adhainte
Oíche Nollag
Eoghan Ó Tuairisc
Dá mbeadh mileoidean agamsa
Ní bheadh Críost gan cheol anocht
Is é ag teacht ó áras bán a fhlaitheasa
Chuig an mainséar bocht
Do sheinnfinn ceol do chuirfeadh gliondar ar a chroí
Ceol nár chualathas riamh
Ag píobaire sí
Ceol ‘chuirfeadh na réaltaí ag rince i spéartha na hoích’
Coinneal na Nollag
Lasfaidh mé coinneal na Nollag,
Agus cuirfidh mé í san fhuinneog,
Ag fáiltiú roimh Mhuire is an Leanbh,
A rugadh sa stábla fadó.
An Nollaig
L. Ó hAnnaidh
Nollaig, Nollaig, Nollaig aoibhinn,
Nollaig álainn ó!
San Nioclás ag teacht san oíche
Ag líonadh stocaí ó!
Putóg, putóg, putóg Nollag,
Putóg álainn ó!
Císte milis sa chófra,
Úlla breátha ó!
Saoire, saoire, saoire Nollag,
Saoire álainn ó!
Codladh fada gach aon mhaidin,
Codladh aoibhinn ó!
Nollaig, Nollaig, Nollaig aoibhinn,
Nollaig álainn ó!
Íosa beag anseo i máinséar
Oíche aoibhinn ó.
Daidí na Nollag
Féach Daidí na Nollag.
Sin é, sin é.
Aon cheann amháin,
Dhá chois fé.
Cóta dearg air.
Hata bán.
Bréagáin deasa
Agus mála lán.
Oíche Nollag
An sneachta ag titim
Is an oíche fuar,
Is Máthair Dé
Gan foithin ón bhfuacht.
Isteach i stábla
Ón sneachta chuaigh,
Is chuir sí Íosa
Sa mhainséar crua.
Bó agus asal
Sa stábla bhí,
Ag faire an Linbh
Ar feadh na hoíche.
Chan na haingil
Thuas sa spéir,
“Moladh le hÍosa,
Ard-mhac Dé”.