Rannta agus Amhráin – An Aimsir

by admin on 01/08/2012

Dánta / Amhráin

Táim ag iarraidh rannta, dánta agus amhráin as Gaeilge a chur le chéile chun tacaíocht a thabhairt do na téamaí éagsúla i gCuraclam na Gaeilge. Má tá dánta/amhráin/rannta agat ag baint le “An Aimsir” a bhí úsáideach agat don téama, fág an dán/rann/amhrán mar nóta ag bun an blagphost thíos.

{ 15 comments… read them below or add one }

admin September 8, 2012 at 11:13 am

Sneachta, Sneachta

Sneachta, sneachta,
Ag titim, ag titim,
An sneachta ag titim,
Anuas ón spéir.

Calóga móra,
Calóga bána,
Ag rince, ag titim,
Ag luascadh san aer.

admin September 8, 2012 at 11:20 am

Tá mo lámha fuar
(fonn “The farmer wants a wife”)

Tá mo lámha fuar,
Tá mo lámha fuar,
Hé, hó, mo Dhaidí ó,
Tá mo lámha fuar.

Tá mo lámha te,
Tá mo lámha te,
Hé, hó, mo Dhaidí ó,
Tá mo lámha te

admin September 8, 2012 at 11:25 am

Tá na leanaí ar an trá
( fonn: The Mulberry Bush)

Tá na leanaí ar an trá,
Ar an trá, ar an trá,
Tá na leanaí ar an trá,
Ag súgradh leis an liathróid.

Chuaigh Daidí amach ag snámh,
Amach ag snámh, amach ag snámh.
Chuaigh Daidí amach ag snámh,
D`fhan Mamaí ar an stóilín.

admin September 8, 2012 at 2:30 pm

An Sneachta

Is maith liom an sneachta,
An sneachta bog bán,
Ag titim, ag titim,
An sneachta bog bán.

admin September 8, 2012 at 2:31 pm

An Bháisteach

Tá an bháisteach ag titim,
Ag titim go trom.
Tá an bháisteach ag titim,
Anuas ar mo cheann.

admin September 8, 2012 at 2:32 pm

Lá Fliuch

“Bhac, bhac”, arsa an lacha,
“tá an lá fliuch”.
“Bhac, bhac”, arsa an lacha,
“tar amach, tar amach”.

“Mí – a –ú” arsa an cat,
“tá an lá fliuch”.
“Mí – a –ú” arsa an cat,
“fan istigh, fan istigh”.

admin September 8, 2012 at 2:33 pm

Duilleoga

Duilleoga deasa, deasa,
Duilleoga deasa, buí.
Duilleoga deasa, deasa,
Ag damhsa ar an gcraobh.

Duilleoga deasa, deasa,
Duilleoga deasa, buí.
Duilleoga deasa, deasa,
Ag imeacht leis an ngaoth.

Duilleoga deasa, deasa,
Duilleoga deasa, buí.
Duilleoga deasa, deasa,
Ar thalamh ina luí.

admin September 8, 2012 at 2:35 pm

An Trá

Tá an lá go hálainn.
Tá mé ag dul go dtí an trá,
Le sluasaid agus buicéad
Is ciseán mór lán.

Beidh mé ag imirt peile,
Ag bailiú sliogáin,
Ag snámh san uisce
Agus ag tógáil caisleáin.

admin September 8, 2012 at 2:35 pm

Ulla Móra
(fonn: Droichead Londain)

Bhí úlla móra thuas ar an gcrann,
Thuas ar an gcrann, thuas ar an gcrann.
Bhí úlla móra thuas ar an gcrann,
Lá breá fómhair buí.

Ríona Uí Cheallaigh September 10, 2012 at 10:11 am

Chuala mé an Ghaoth
Le Colm Mac Lochlainn

Chuala mé an ghaoth
Ag bualadh na bhfuinneog,
Ag canadh ar na doirse,
Ag séideadh na nduilleog.

Chuala mé an ghaoth
Ag luascadh an chrainn,
Ag leagan na slinnte
Anuas ón díon.

Chuala mé an ghaoth,
An oíche go léir,
Ag séideadh na fearthainne
Tríd an aer

Ríona Uí Cheallaigh September 10, 2012 at 10:11 am

Amhrán na Gaoithe
Le Pádraig Ó Duinnín

Bím ag rith
Siar is soir,
Ar tír is ar muir,
Gan traochadh.

Bíonn mo ghuth
Go hard amuigh
San oíche dhubh
‘S gach aon bhall.

Beirim liom
An bád is an long
That muir anonn
Go héasca.

Bímse riamh
Ar an sliabh
Amuigh go dian
Ag séideadh

Ríona Uí Cheallaigh September 10, 2012 at 10:12 am

Sneachta
Le Máire Nic a’Bhaird

Áthas ar na páistí
Spórt ina gcroí,
Calóga boga bána
Ag damhsa sa ghaoth.

Liathróidí sneachta
Ag eitilt san aer;
Gáir agus glaoch
Ó na páistí go léir.

Nach deas í an tuath
Lena cóta bog bán,
Ina codladh go sámh
Sa sneachta geal glan.

Ríona Uí Cheallaigh September 10, 2012 at 10:15 am

Lá Stoirmiúil
Le Maebh Ní Chárthaigh

Éist leis an ngaoth
Ag sracadh na nduilleog,
Éist leis an mbáisteach
Ag clagairt ar na fuinneoga,
Féach ar na tonnta
Ag briseadh thar an mballa,
Féach ar an duine bocht
Cromtha in aghaidh an ghála.

Brón ar na páistí
Ag fanacht taobh istigh,
Ach áthas ar na lachain
Ag snámh sa linn amuigh.

Katy September 22, 2012 at 9:10 pm

An Fhearthainn
(fonn “How much is that doggy in the window)
Bhuf Bhuf ars an madra
Miaow ars’ an chat,
Rachaimid abhaile, tá an fhearthainn ag teacht.

Quack Quack ars an lacha
Tá mise sa chró
Lig amach mé faoin fhearthainn, lig amach mé go beo

Sarah Ni Mhuirí August 9, 2014 at 4:18 pm

AN GHAOTH ADUAIDH

An ghaoth aduaidh
Bíonn sí crua
Agus cuireann sí fuacht
Ar dhaoine.

An ghaoth aneas
Bíonn sí tais
Agus cuireann sí rath
Ar shíolta.

An ghaoth anoir
Bíonn sí tirim
Agus cuireann sí brait
Ar chaorigh.

An ghaoth aniar
Bíonn sí fial
Agus cuireann sí iasc
I líonta.

Leave a Comment

Previous post:

Next post: