Tugann Foras na Gaeilge cuireadh do scoileanna físeán gairid a léiriú a thaispeánfaidh sárchleachtas na scoile i leith na Gaeilge labhartha. Bíodh spraoi agaibh le GLEO agus tú ag cruthú físeán nuálach trí Ghaeilge. Tabharfar aitheantas do scoileanna ag trí leibhéal éagsúla. Is féidir leis an scoil físeán gairid (3/4 nóiméad) a dhéanamh agus é sin a chur isteach tríd an suíomh idirlín faoin spriocdháta. Beidh ar an scoil a roghnú cén leibhéal aitheantais atá siad ag iarraidh a bhaint amach. Tá na céimeanna éagsúla léirithe ar an suíomh. Is gá do scoileanna físeán a dhéanamh a léireoidh go gcomhlíonann siad na critéir ar fad a bhaineann leis an chéim atá roghnaithe. Tá sé tábhachtach an físeán seo a phleanáil chun léargas maith a thabhairt ar na himeachtaí trí mheán na Gaeilge a bhíonn ar siúl sa scoil agus an sárchleachtas i leith na Gaeilge labhartha atá ar siúl sa scoil. Ní bheidh caighdeán teicneolaíochta an fhíseáin le cur san áireamh. Is féidir leis an scoil físeáin a uaslódáil ó 2 Aibreán go 31 Bealtaine 2012. Beidh painéal de mholtóir neamhspleácha ag déanamh cinneadh faoi na scoileanna a fhaigheann aitheantais bunaithe ar na físeáin atá curtha isteach. Cuirfear scéal ag na faighteoirí gradaim aitheantais i scríbhinn faoi dheireadh mhí Mheán Fómhair 2012. Tá tuile eolais le fáil faoin scéim ANSEO.