Fuair gach bunscoil sa tír an CD seo le déanaí. CD le haghaidh ríomhaire é atá lán le leabhair Ghaeilge scíobhtha ag daltaí bunscoile ó Ranganna Naíonáin go Rang VI. Is féidir na leabhair atá ar an CD a chur ar do chruadhiosca agus dá bhrí sin beidh gach rang sa scoil ábalta féachaint ar na leabhair. Tá an CD an-úsáideach má tá CBI (clár bhána idirghníomhaíochta) agat chun na leabhair a léamh leis na daltaí agus chun iad a spreagadh chun a leabhair féin a chruthú.

Is áis sár-mhaith é an CD seo. Léiríonn sé gur féidir le daltaí bunscoile, fiú daltaí sna ranganna naíonáin, an Ghaeilge a úsáid i mbealach taitneamhnach, suimiúil agus spreagúil. Is féidir le múinteoirí na leabhair ar an CD a úsáid mar áis teagaisc mar is iad na téamaí atá in a lán leabhair, na téamaí céanna atá luaite sa churaclam. Mar sin, má tá an múinteoir ag déanamh obair faoin téama “Bia”, is féidir féachaint ar an CD chun leabhair faoi bhia a fháil. Beidh na daltaí ag léamh faoin téama bia agus ansin, diaidh ar ndiaidh, beidh siad spreagtha chun a leabhair féin a chruthú.

Cé nach bhfaca tú an CD sa scoil, cuir ceist ar an príomhoide chun a fháil amach an bhfuair an scoil cóip. Tá tuile eolais le fáil ón gréasán don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta. Tá cuid de na leabhair le feiceáil ansin freisin:

http://www.cogg.ie/pdf/books/index.html